School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a's duine dar b'ainm Árt i gcionnus an chinn eile. Ghlac Árt tinneas lá amháín a's ní raibh sé abalta dhul amach le na chuid fear. Dubhairt Caoimhghin go rachadh séisean amach le na chuid fear in a áit. Bhí siad uilig sásta leis an t-socruighadh sin. Bhí biseach ar Árt lá ar na bharach agus d'imthigh sé fhéin a's a chuid fear go breagh, luath, ar maidin a shealgaire. Bhí fearg mhór ar Caoimhghin agus d'imthigh sé a's a chuid fear agus níor stad siad go raibh siad ag Áit Shuidhe Fionn. Chonnaic na fire eile iad a's thainig siad fhad leobhtha. Thosuigh siad ag argoint agus sa deireadh thosuigh siad a throid. Marbhadh Árt bocht 'san troid; annsin thainig Fionn. Bhí faearg mhór air le Caoihghin a's dubhairt sé leis gur fhead sé bheith sásta a's dhá lá sealgaire a fhaghail. Chuir Fionn ruaig air annsin, acht d'imthigh sé fhéin a's cuid fear Áirt fósta. Thug Fíonn leis cólann Áirt agus chuir sé i gCill Dara é. Ghlac Caoimhghin éagla roímhe Fionn a's chuaidh sé fhéín 'sa chuid fear go h-Albain.
(Fuair mé an sgéal seo ó Phádraig Ua Gallchobhoir agus fuair séisean é ó Aodh Ó Dochthartaigh a fuair bás 'san bhliadhan 1887). Doireaschlaidhe- Informant
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Derriscligh, Co. Donegal