School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 319
  3. XML “Fear na Rósaibh agus na Siógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go beo agus bhí sí ariamh. D'imthigh siad leobhtha ar chaoi ar bith a's ní raibh i bhfad go raibh siad ins an áit a d'fhág siad ar dtús. Bhí baramhail ag an fhear anois an ríogan a raibh siad ann. Léim siad de'n bheathach- é fhéin a's an bhean. Tharraing sé chuige í agus ghearr sé an Chrois Cheasta thart fa dtaoibh díobhtha. Ní raibh na sidheoga abalta theacht a gheomhair annsin ach shín fear aca fhad a's go bhfuair sé búille 'bhualadh ar an bhean san chluais. Fagadh í bodhar annsin agus gan chainnt.
    Thug an fear a bhaile chuid a mhathair í. Cheistinigh sise í acht beagan a bhí aici de mar bhí sí bodhar gan chainnt. D'fhiafruigh sí do na mhac cá h-áit a bhfuair sé i acht leis an reógan a cuireadh air, ní raibh cuimhne aige.
    Bhí sí aige ar feadh blaidhna agus i san dóig ar fagadh í. Bliadhain san oidhche ar tharla an rus ar tús bhí sé amuigh arís ag cuartughadh an bhéithigh. Chualaidh sé cainnt in dheas do agus seo é an cómhradh a chualaidh sé. "Bliadhain san oidhche anocht", arsa fear do na sidheóga "a ghoid an rogaire an bhean óg a pósadh ins na Rosaibh uainn." "'Seadh, go dearbhtha," arsa fear eile acu, "a's is béagan máith a rinne sí do leis an dóigh ar fhág muid ann í. "Tá sí mar sin," arsa duine eile acu, "agus dá mbeadh fhíos ag an rogaire is beag an rud a léasfadh í." "Caidé sin?" arsa duine eile acu. "Dá rachadh sé síos a's cuid de na planntaí atá 'san loch sin thíos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal