School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 314
  3. XML “An tSeanchailleach agus an tIasc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Cé’n dóigh a bhfuil an fhairrge anois?” “Och”, arsa Neansaí “tá boballaigh mára ins an bháisín mar a bhíos ins an tsruthán lá iongantach fluich”. Thoisigh an tsean chailleach ag siubhal thart timcheall an bhotháin arís agus arís, agus scáirt sí ar Neansaí an dara h-uair agus ar sise “An bhfuil athrú ar an fhairrge anois?” D’amharc Neansaí síos ar an bháisín agus ar sise “Tá an t-uisge ag beirbhín agus ag brúchtáil cosamhail le tuille ins an abhainn agus tá sé chomh dearg le fuil. Agus tá an cupán beag ag luasgadh ó thaoibh go taobh”, arsa Neansaí agus scannradh in-a glór. Chuaidh an t-sean chailleach ag siubhal thart an treas h-uair agus scairtigh sí ar Neansaí ar [lús]? arís cé’n dóigh a raibh an fhairrge. “Och”, ars an ghirrseach “tá an t-uisge i n-éirghe i n-áirde cosamhail le tonnracha Trágha Móire agus cá an báisín fhéin ag corrughadh ar an urlár amhail is dá mbéadh sé beo. Agus cluinim caoineadh agus o snaighil amhail is dá mbéadh duit i bpéin. Agus anois tá an cupán bun ós cionn ins an uisge”, arsa Neansaí. Le sin leig an tsean chailleach rachtáil gáirí aistí agus scáirt amach go h-árd “Tá an lá liom. Tá mo [ráimhde]? gaibhte agam sa deireadh”. Agus as go bráth léi
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. soothsayers (~116)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Eiteagáin
    Gender
    Female
    Address
    Glenree, Co. Donegal