School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 297
  3. XML “Teangach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do mhair file darbh ainm Ó Coilean i mBóchuinne Carraig Airt 90 bl. ó shoin. Do chum sé dánta 's duanaireachta. Bhí teaghlach an ghéar-intinneach léigheannta aige agus gach dán a chum an t-athair chongbhuigh siad é go deachaidh siad uilig go Canada. Tá an file seo curta ins an t-sean roilig Umlach. Is furas triúr no beirt do n-a chuid dantaibh a bhailigh go foill sa cheanntar. Deirtear go rabh O Coilean codtrom le Burns an t-Albannach. Ba é "An Cat 's an Suag Breac" an phríomhobair. Do rugadh é i nGleann Riogh.

    * * *

    Cláirineach : libhrineach: claitsear: agus i mBearla footer (Duine ciotach): dauncy (duine as sláinte)

    * * *
    (4a) Tugtar an t-ainm Rosapenna uaidh Rós na bFian.

    (13) (a) Tá roilig beag i nDruim Mic an Leadraigh idir an Ghleann 's Baile na nGallóglach.
    30' x 4'. Tá an lár i bfuirm Cómhnair. Tá leacacha 18" ar aoirde agus 6" i reamhreacht na seasamh go tuigh thart timcheall air.
    Tuairim 100 slat ó seo tá uaigh 4' x 3' . Tá trí clocha na seasamh thart fa dtaobh dé agus súite ar a mbarr tá cloch mhór (?) trom. Tá seanchus san cheanntar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish