School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtainig buille ar an doras. D’éirig Eóin ag rádh leis féin. “Nach mall a thig mé a theachtaire”. D’fhosgail sé an doras. Bhuail isteach chuige spailpín mór fada [d’fhear]? Sín sé leitir chuig Eoin. “Seo litir uaidh do mhaighistear le dhul [an]? oileain [ur]? léithí”. I gcionn bomaite chuir Eoin cuma ar féin agus d’imthigh leis.
Siubhal leis gur casadh buachaill bó air ag aodhaireacht a chuid ba. “Go mbeannuigh Dia duit, Eoin ‘ac Giolla bhrighde”, dubhairt an buachaill bó. “Dia’s Muire duit”, arsa Eoin. “Aithnigheann achan nduine mise ach chan aithnighimse duine ar bith”. “Chá bhfuil tú ag gabhail an tracht seo oidhche?” “Táim ag gabhail [ún]? Oileain Ur le litir do mo mhaighistear. An seo an bealach? “Seadh Siubhal leat sias direach mar seo”
Shiubhal com leis go deachaidh go bruach na farraige. Chonnaic sé corr ghlas n-a seasamh ar a leath chois síos ar a’ tráigh. “Go mbeannuigh Dia duit, a Eoin ‘ac Giolla bhrighde”, arsan Chorr Ghlas. “Dia ‘s Muire dhuit”, arsa Eoin. “Aithnigheann achan nduine mise ach chan aithnighim se duine ar bith”. “Ca bhfuil do thriall”, arsa Corr Ghlas. “Táim ag gabhail(continues on next page)- Collector
- Michéal Eoin Mac Giolla Chearra
- Gender
- Male
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal