Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Donegal
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 267

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 267

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 267
  3. XML “Leigheas Créachta”
  4. XML “Seanleigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Éirigh ar maidín ar an sé chlág; téidh amach 'na leuna; sín thú fhéin ar d'fhád ar dó bhéal 's ar dó shrón; gearr pól beag sa talamh go deas faoi dó ghaothsan. Cur dó gaothsan síos ins an pholl agus tarraing trí anáil domhaine. Éirigh dó shuidhe annsin agus sín thú fhéin arais ar d'fhád agus cur barr dó ladhaire sá phóll atá deanta agat agus gearr póll úr eile faoi dó ghaothsain agus tarraing d'anál arais (sá phóll) trí úaire. Éirigh arais agus cur barr dó ladhaire sa dara poll seo agus sín tú fhéin 'un tosaigh arais agus déan póll ur eile faoi do ghaothsain agus tarraing trí anail eile. Déan sin gach maidin ar an sé ó' chlóg gach lá ar féadh déich lá is fiche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
          1. medicine for human sicknesses
            1. tuberculosis (~27)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamus Mac a' Bháird
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
  2. Sean Léigheasanna.
    1. Nuair a bhéadh giallfach dhuine mór beiridh na h-abhna é ar astar asail agus dá n-ólfadh sé déoch gheobhadh sé bíseach.
    2. Nuair a bhéadh an bhruitineach ar dhuine chaithfeadh sé ghabhail amach trí úaire faoi bholg [?] an asail agus braon do’n bhainne a ól agus gheobhadh sé biseach.
    3. Roimhe seo nuair a gheobhadh bó bás ag duine ar bith bhainfeadh siad an chos dhéiridh dithe agus chrochfadh siad sa’n bhoitheach í fá choinne gan an dara bó a sgit sa’n bhoitheach sin.
    4. Nuair a bhéadh gamhain [rúd]? le faghail bhais bhéireadh siad do’n mach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge