School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 263
  3. XML “Scéal fá dtaobh de Rí a Bhí i nGorta Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bith air, acht dubhairt sé fear ar bith a d’innseochadh sgéal dó agus criochnughadh theacht ar an sgéal súl a mbéadh sé tuirseach ag éisteacht leis go gcuirfeadh sé ‘un bais é, agus sin an t-adhbhar gur fhalaing iomadh fear óg ins an chomharsain bás [incó]? nadhurdha, le nighean an ríogh agus an saidhbhreas a bhaint.
    Bhí gaisgidheach clíste sa’n áit. Tógadh é ag bún Chnoc an Dúin i gCo. Thírchonaill. Dubhairt sé lá amhain le na mhuinntear go bhfiachfadh sé le nighean an ríogh agus an saidhbhreas a bhaint. Bhí brón már ar a mhuinntear nuair a chualaidh siad a leithead dé smaointeadh ag teacht isteach in a ceann. Bhí siad ag deanamhar go n-éireochadh an nídh ceadna dó mar a d’éirigh dó go leór daoine eile san comharsanacht. Acht is cuma caidé a déirfeadh siad no a dheanfadh siad chaithfeadh sé a ghabhail.
    D’eirigh sé maidin amhain le bánadh an lae. Shiubhail sé leis fríd ghleanntaibh agus coilltibh go dtainig sé go dtí Caislean an ríogh i nGortamóra. An t-am a chuaidh sé go dtí an Chaislean casadh air fear dé shearbhfoghantuidhe an ríogh. D’fhiafruigh sé dó caidé a ghnoithe. Dubhairt sé go dtainig sé go dtí an rí le sgeal a innse dó da mbé a thóil éisteacht leis. Bhí luthghair mhór ar an righ nuair a chualaidh sé seo mar bhí sé ag deanadh go gcuirfeadh sé ‘un bais cosamhail le fir óga eile na comharsanachta.
    Chuaidh sé isteach i lathair an ríogh. “Anois” a déir sé “thainig mé le sgéal a innse duit”, agus seo mar téidheann sé. Dha chéad bliadhain ó shóin bhí rí ar Thírchonaill. Chá rabh trócaire ar bith aige dó na bochtain. Rinne sé gach aon [mio]? cheart leobhtha. Shíl sé nach dtiocfadh leis leath go leór saidhbhris a bhéith aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2300: Endless Tales
    Language
    Irish