School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 260
  3. XML “An Gearrán Bán agus an Rí Breac”
  4. XML “An Fear a Bhí in Ifreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a dheánamh agus fághail as ifreann. D’ól sé an deoch agus thuit sé na chodladh arais. Thug na daoine seo é suas, gur fhág siad é ag taobh an toighe ósta arais. Bhí luthgháir mhór air, nuair a mhusgail sé go bhfacaidh sé go rabh sé as ifreann.
    D’imthigh sé leis ‘na’ bhaile chuig a dheirbsiúir agus na deich sgillinge leis. Bhí sé ar an aifreann agus chualaidh sé an Sagart ag coinne ar ifreann agus nadaoine a bhí ann nach bhfuigheadh siad as. Sheasuigh an fear seo suas, agus dubhairt sé leis an t-Sagart go rabh sé in ifreann, agus go bhfuair sé amach as ar chúig sgillinge.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (continued from previous page)
    An Gearran Bán agus an Rí Breac (ar leanamhaint).
    An dar oidhche dubhairt an dara nighean go suidhfeadh sí go bhfeicfeadh sí caidé a bhí ag teacht, ar an chál, agus caidé a thainig ar a deirbhshiuir an oidhche roimhe sin. Shuidh sí agus tharluigh mar a gcéadna duithe.
    Annsin dubhairt an treas nighean go suidhfeadh sise an treas oidhche go bhfeicfeadh sí caidé a bhí ag teacht a bhí ag teacht ar an chál agus caidé a thainig ar a bheirt dheirbhsiuir. Shuidh sí.
    Nuair a thainig an mheadhon oidhche, chuaidh sí amach agus bhí an gearran bán sa’n chál. Rit sí isteach agus ba h é an maide pota an chead rud a casadh díthe. Chuaidh sí amach agus bhuail sí an gearran bán leis agus ghreamuigh an maide pota do thón an ghearrain bháin agus do lámhaibh an chailín agus tharraing
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.