School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 250
  3. XML “Na Trí Teaghlaigh a Bhí ina gCónaí ag Bun Gháinne Caora”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sin amaideach go leor.
    An dara bhean, thainig an t-am le amaideach a deanadh do n-a fear. Chuaidh sí amach chun an bhoithigh agus dubhairt le n-a fear go rabh an bhó ag [éagcaoint.]? “Reachtail go tapaidh fa choinne dreasogaí a mbeadh dá cheann sa talamh aca” arsa sise, “béidh sin an léigheas ceart”. Rith shé leis, an méid a thiocfadh leis. Thuit sé thár chloidhe, agus shíl sé nach dtearn sin a dhath air. An t-am a thainig sé chuin toighe, léim an bhean in a suidhe roimhe sa doras. “O, a Dhia”, arsa sise, “caidé a thainig ort. Tá an bás ort an uair seo”. Thóg sí a dá láimh in áirde. “Is beag a shíl mé go mbéinn in mo bhaintreabhaigh comh tapaidh seo”, arsa sise.
    Nuair chualaidh seisean seo thuit sé i laige. Shíl sé féin go rabh an bás air. Tharraing sí isteach sa leabaidh é agus chuir sé fa choinne an t-sagairt. Chuaidh sé go colbha na leaptha. “Anois” a dubhairt se “ta tú ag fághail bháis. Na bog agus ma chorruigheann tú, ní bhfuighidh tú isteach na Flaithis”. Luigh sé féin go socair suaimhneach. Shíl sé féin go rabh sé marbh. Chuaidh an goir fríd an chomhursanacht go rabh sé marbh. Chruinnigh na comhursanaigh isteach ‘na’ faire an oidhche sin.
    An treas bean, d’orduigh sí d’a fear gabhail chuig faire na chomhursan. Rinne sé mar h-iarradh air, agus shuidh sí go máidin. Thainig sé ‘na’ baile ar máidín agus chuaidh sé ‘na luighe agus a dubhairt sé “Sgairt liomsa in am le gabhail ‘un an torraidh agus na [deun]? dearmud”. Acht níor sgairt sí leis go rabh an tórramh ar shiubhal amach. Sgairt sé oirthe a chuid éadaigh a fhaghail do go tapaidh. “Tá do chuid éadaigh ort, a amadain” arsa sise. Léim seisean na shuidhe, agus amach leis lom tarnocht. Shíl sé féin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    AT1408: The Man who Does his Wife's Work
    Language
    Irish
    Collector
    Donncadh Mac Láithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal