School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 241
  3. XML “Scéal - An Bhean Fhalsa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bean isteach agus bhí lámh an mhóir uirthi. D’fhiafruigh sí do’n ghiorsach cá tuige a rabh sí ag caoineadh agus dubhairt sise nach rabh sí abalta snáth a dheanadh do’n ólainn. Dubhairt an bhean seo go ndéanfadh sise snáth do’n ólainn dá n-iarrfadh sí í lá na bainnse an lá a phosfaidh í ar mhac an Rí. Dubhairt sise go n-iarrfadh agus rinne sí an snáth.
    Nuair a thainig mathair an Rí isteach bhí luthghair mhór uirthi an méid snáth a bhí deanta aici. An dara lá thúg sí í isteach i-seomra eile agus d’iarr uirthi éadach a dhéanadh do’n i-snáth a sníomh sí lá roimhe sin agus bhí scól ann le í éadach a dheanadh do’n t-snáth. Ní fheacaidh an cailin seo scól ariamh agus ní rabh fhios aicí caide’n dóigh leis an éadach a dheanadh. Shuidh sí annsin agus thoisigh sí a chaoineadh. Ní rabh sí i bhfad na suidhe go dtáinig bean isteach agus bhí cos uirthi a bhí an mhór. D’fhiafruigh an bhean duithe cá tuige a rabh sí ag caoineadh agus dubhairt sí gur iarr mathair an Rí uirthi éadach a dhéanadh do’n t-snáth, agus nach rabh sí abalta é a dhéanadh.
    Dubhairt an bhean seo go ndeanfadh sí é da n-iarrfadh sí í an lá a bhéadh sí le posadh ar mac an Rí. Dubhairt sise go n-iarrfadh. Thainig mathair an Rí isteach agus bhí luthghair mhór uirthi an obair a bhí deanta aici. An triomhadh lá thainig mathair an Rí isteach aici agus diarr sí uirthi léinteacha a dheanadh do’n éadach a rinne sí. Thúg sí siosar, snáth agus snathad isteach aici agus d’iarr sí uirthi na léinteacha a dheanadh. Ní déar an cáilin seo leine ariamh agus shúidh annsin a chaoineadh. Ní rabh sí i bhfad na suidhe go dtainig bean isteach agus bhí srón an mhóir uirthi. D’fhiafruigh sí duithe ca tuige a rabh sí ag caoineadh. Dubhairt sí “nach rabh sí abalta léinteacha do’n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Naos Mac Laithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal