School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 240
  3. XML “Scéal - An Bhean Fhalsa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Bhean Fhallsach.
    Bhí bean agus a inghean ann aon úair amhain agus bhí siad na chomhnuidhe i dteach beag leobhtha féin. Bhí an inghean seo comh fallsach sin agus ní dheanfadh sí obair ar bith dó na mathair agus ní rabh fhios aici caidé a b’fhearr duithe a dheanadh leithe. Lá amhain thainig fearg mhor ar an mhathair agus thóg sí bata agus bhuail sí an inghean i mullaigh na cloigne agus thoisigh an inghean a chaoineadh go h-ard agus bhí an inghean ag caoineadh go h-árd sin agus gur chualaidh mac an Rí í. Thainíg sé isteach agus d’fhiafruigh sé do’n mhathair caidé a bhí cearr leis an inghean.
    Dubhairt an mhathair go rabh sí go maith sin ag obair agus gur b’éigean duithe í a bhuaileadh. D’iarr mac an Rí uirthi í a leigeant leisean cupla seachtmhain go b’fheicheadh a mhathair í. “Caide a dheanfainn féin” arsa an mhathair mar ní bhéadh duine ar bith agam leis an obair a dheanadh. Thoisigh mac an Rí ag iarraidh a iarraidh an inghean agus ins an deireadh léig an mhathair í agus d’imthigh an bheirt aca go dtí Palus an Rí agus shíl an ghiorsach go rabh áit dheas ann rud a bhí. Bhí luthghair mhór ar mhathair an Rí í a fheicealt.
    Fá chionn cupla lá thúg mathair an Rí í isteach i seomra fá choinne ólainn a sníomh. Thosuigh an inghean sníomh acht ní fheacaidh sí túirne ariamh agus thosuigh sí a iarraidh snáth a dheanadh do’n ólainn acht gach úair a iarrfadh sí an ólainn a chur isteach rachadh an tuirne thart gach bealach. Shúidh sí annsin agus thoisigh sí a chaoineadh. Ní rabh sí i bhfad na súidhe go dtainig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Naos Mac Laithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal