School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 239
  3. XML “Scéal - An Fear nár Dhíol an Cíos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh sé isteach ins an chró ann a rabh an mhúc agus nuair a thainig buachaill an t-sagart anuas fá choinne an mhuc ar shón an phunt a thúg an sagart do’n bhean. Leig an fear a bhí istoigh béic as agus d’fhiafruigh cá rabh sé ag gabhail leis an mhuc agus nuair a chualaidh an buachaill an bhéic ar shiubhail leis ar chosaibh i n-áirdé suas chuig an t-sagart agus d’innis an scéal dó.
    “Imthigh sios” arsa an sagart agus tabhair iarraidh eile í a thabhairt leat”. Chá dtéighim arsa an buachaill téig tú féin sios. D’imthigh an bheirt aca síos agus isteach sá chró. Léig an fear beic eile a’s agus d’fhiafruigh, “Cha rabh sé ag gabhail leis an mhúc”.
    Dubhairt an sagart gur punt a thúg sé dó na bhean le thú a chur agus arsa’n fear “Nach bhfuair tú punt dó fhorail as mó cheann. “Fuair” arsa’n sagart agus ar siubhail leis. Cupla lá na dhiaidh sin chuaidh sé chúig an tighearna leis an chios a dhiol agus nuair a chonnaic siad é ag teacht bhí eagla ortha roimhe agus chuaidh sé isteach agus thúg an t-airgead do’n tighearna acht chaithfeadh an tighearna sgríbhíneacht a thabhairt dó ar són an airgid agus ní thabhairfeadh duine ar bith aca dó é agus ins an deireadh thúg an tighearna dó é ar bharr bata mar go rabh eagla air go bhfuigheadh an fear greim air. Dubhairt an tighearna leis nach mbéadh féidhin aige cíos a dhíol a fhad agus a bhéadh sé beó. D’imthigh sé ins an déireadh agus bhí sé beó tamall maith na dhiaidh sin acht ná dheachaid sé chomhair a thoighe féin ní bá mhó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Luadhóg
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal