School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 236
  3. XML “Scéal - An Clibíneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d’iarr sí air sul a rachadh sé annsin a ghabhail amach agus an t-srian a chraitheadh agus cibé ar bith capall a thiocfadh chuige é a thabhairt leis. Chuaidh sé amach agus tháinic clíbíneach do chapall chuige a rabh an fionnadh uilig ag tuitim dithe. Cá rabh sé sásta a ghabhail leithí agus d’iarr an bhean an t-srian a chraitheadh aráis. Chraith agus tháinic clíbíneach chuige aráis. Ní rabh sé sásta eisean a chuir le léitheadh de chlibíneach do chapall, acht sa deireadh b’éigin do a ghabhail. D’imthigh sé agus chuaidh sé fhad leis an Rí agus dubhairt sé leis gur mhaith leis an cáislean a fheicail.
    Dubhairt an Rí leis “an bfeiceann tú na cinn sin annsin, sin áit do cheannsa istigh i lár”. Bhí aige le ghabhail i bhfolach ar an Rí agus dá bhfuigheadh an Rí é bhaineadh sé an ceann do. Chuaidh sé amach agus d’innis sé seo do’n chlibíneach. Bhuail an clibíneach a chos síos ar an talamh agus chaith sé [tairnge]? amach as crúth. “Anois” arsa an clibíneach “túg thusa isteach in áit an [tairnge]? seo ní baoghal nó go bhfuighidh sé thú”. Chuartuigh an Rí leis sa’n deireadh b’éigin do tabhairt isteach. Chuaidh sé fhad leis an Rí arais agus bhí ag an Rí le beirt eile a chur air.
    Tháinic sé amach agus d’iarr sé dó’n chlibíneach. Tharraing an clibíneach fiacal amach as a bhéal agus d’iarr sé ar an ghasur a ghabhail isteach in áit an fhiacail, agus ní baoghal dobhtha é a fhághail. Chuartuigh an Rí leis go dtug sé suas sa’n deireadh. Acht bhí ceann eile aige le deanadh go foill. D’iarr an clibíneach ar an ghasur ribe a tharraingt as a ruball, agus nach rabh baoghal go n-amharcochadh sé sa’n áit. Chuartuigh an Rí go dtí go dtug sé suas sa’n deireadh. D’imthigh sé annsin agus chuaidh sé fhad le teach na mná. Thug an bean na sé capaill eile do agus (ag) d’imthigh sé go dtí an chrois bhealaigh, agus casadh a shé dearbhrathar do annsin. Thionntuigh na seacht gcapaill isteach na [seacht]?
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0329: Hiding from the Devil
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Laithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Baile Úr, Co. Donegal