School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 232
  3. XML “Scéal -Tomás Beag na hOrdóige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amhain bhí méitheal mónádh ag bean ar an bhaile seo darbh ainm Brighidh Bhéag. Rinne sí bruitín leis an dinnear agus nuair a bhí sí réidh le h-imtheacht leis an dinnear thainig fear beag isteach darbh ainm Tomas Beag na hÓrdóige. Dubhairt Tomás léithe go dtabhairfeadh seisean a ndinnear chuig na fir. Chuir sé an scála ar a cheann agus d'imthigh sé. Thoisigh sé a chur fearthanna ar a chasán agus b'eigean dó Thomas a ghabhail ar an fhosgadh.
    D'fhág sé an scála ina rabh na bruitíní, ar charraic agus chuaidh sé féín isteach faoi dhuilleoig copoige. Bhí tarbh crósta ar an bhaile agus bhí sé ag ithe féir comhgarach do'n áít a dteachaidh Tomas ar an fhósgadh. Tháinig sé agus d'ith sé na brúitíní agus annsin d'ith sé an duilleog chopoige agus bhí Tomas in a bhéal fosta. Súl a bhfuair sé fáill Tomas a chognadh chuaidh sé síós air. Tóisigh sé a fheadalaighe agus a cheól ins an tarbh. Chuaidh an tarbh ar mire agus d'imthigh sé ar chós in-áirde agus chuaidh sé amach binn darbh ainm Scóilig an Dreoláin.
    Marbhuigheadh an tarbh acht níor marbhuigheadh Tomás. Lá amhain ina dhiaidh sin bhí fear páca ag siubhail thart ós cionn na béinne agus chonnaic sé an tarbh. Chuaidh sé síos leis an chraiceann a bhaint dé. Nuair a bhí sé ag gearradh an tairbh scairt Tomas amach, "Take care of my nose pedlar." Nuair a chualaidh an fear sgairteach shíl sé shuas ins an bhéinn a chualaidh sé é. D'éist sé tamaill beag agus chualaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0700: Tom Thumb
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Pháidin
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh, Co. Donegal