School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 221
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na málaí, bhain siad na bonnaibh as, agus d’fág Seán bocht ‘na ndiaidh.
    Chá rabh fhios aige caidé dheánfhadh sé, agus fuair sé craiceann bolóige agus dhá adharc air, agus chuir sé thart ar a cheann é. Fhuair sé an bata, agus thoisigh sé a bhualadh achan rud. Mhothuig fear an toighe an tormán agus tháinig sé anuas. Nuair a chonnaic sé Seán sgáirt sé le na bhean go rabh an diabhal istigh. D’iarr Seán air an doras a fhosgládh, nó gó marbhóchadh sé a rabh istigh. Fosgladh an doras fá chroidhe mhór mhaith i agus d’imthigh Seán.
    Chonnaic sé solus i bhfad uaidh, agus shiubhal sé leis. D’amharc sé isteach, agus cé bhí istigh acht an dá ghaduidhe. Chuir sé dá adharc isteach fríd an fhuinneóig. Dubhairt duine de na gaduidhthe “méidh s ar ith muid-inne, tá muid gaibhte anois”, agus ar shiubhal leobhtha. D’fág siad an dá bheathach agus na dá shac ‘na ndiaidh. Thug Seán an dá bheathach agus an dá shac na bhaile chuig a athair.
    Maidin lá thar na barach chuaidh an t-athair sios chuig an fhear uasal. “Tcínn go dtáinig Seán, ár fhoghluim sé mórán de’n cheird”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish