School: Carraig Airt

Location:
Carraig Airt, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Phaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig Airt
  2. XML Page 214
  3. XML “Caisleán na dTuath”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Caisleán na dTuath suidhte ar ghéig de Chuan na Long, tuairim míle taobh thoir de Chraosloch. Caisleán án-daingean a bhí ann i n-aimsire na Bainríoghna Éilis agus go cionn tamaill fhada na dhiaidh an ama sin. Tá na ballaí de'n Chaislean in a seasamh go fóill, ach tá an ceann, na h-urláir, agus na stáighrí uilig briste síos.
    Ní fhuil fhios i gceart cé'n uair ar tógadh é nó cé thóg é gídh go bhfuil neart seanchais ag na daoine san chómhursanacht fa dtaoibh de go dtí an lá indiu. Deir cuid de na daoinibh gur tógadh é le Neachtán Ó Dómhnaill do ceann de na chuid seachtar mac. Deir cuid eile aca gurbh í bean uasal de chuid na Sasana a thóg é cúpla bliadhain roimhe aimsir na Bainrioghna Éilis. In aon chor tá sé cinnte gur b'iad na Baoighilligh a bhí i sealbhachas an cheanntair sin ins an 13adh aois agus ins an ceathramhadh aois déag. Indiaidh sin fuair Clann Suibhne seilbh ar an duithche agus bhí siad i gceannas na tuaithe sin suas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish