School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 213
- XML “Reilig Mhíobhaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dheanfadh siad an teach-phobail. Thuit an t-asal an chead uair ag an Mhaol-Ruaidh agus cuireadh cloch 'na seasamh annsin. Thuit sé an dara uair ag Cluan-Teallaigh agus cuireadh siad cros annsin atá le feiceál go fóill. An tríomhadh h-uair a thuit sé níor éirigh sé níos mó agus is annseo arinneadh an teach phobail shíos a chois na fairrge.Níl fhios againn i gceart cé elag an teach phobail ach deir na seandaoine gur in-am Chromail a leagadh é, mar bhí seisean ag baint na taoibhe thuaidhe as gach teampall Catoilicedeach agus is gairid an t-am ó bhí sé uilig 'na sheasamh acht an taobh thuaidh. 'Sé an tuige go mbainfadh sé an taobh thuaidh asta, mar go rabh sé ag deanamh nach mbeadh fasgadh ar bith aca ó'n ghaoith adtuaidh agus seo an ghaoth a ba mhó a shéideadh. Tuathal Mac Suibhne, Ros-na-mBeann
- Informant
- Tuathal Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Machaire Loiscthe, Co. Donegal