School: Carraig Airt

Location:
Carraig Airt, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Phaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig Airt
  2. XML Page 182
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”
  4. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Comharthaí na h-Aimsire.
    Eiteallann colúir go habann agus go hárd ins an spéir. Neithe i bhfad uainn taidhsíotar dúinn go mbíónn níos cómhgarach dúinn. Claistear fuaimeanna i bhfad ó bhaile. Tagann taiseacht ar nithe. Bíonn an teine ag tréigeann agus chíotar lasair ghorm inntí. Bíonn an deatach ag casadh anuas agus an sugha ag tuitim sa teine.
    Aimsear bhreagh: An Ghrian: Ceo tirim, brothallach le heirighe gréine, agus spéir dhearg timcheall uirri agus an ghrian ag dul fada:
    Stoirm: Fáinní timcheall na gréine agus an spéir smeartha-sin tuar anaithe. Tagann buirbeáil fairrge mar aon leis, agus éirigheann an bhuirbeáil go h-abann ina bhorradh nuair a scairteann an ghrian ina léasa fuda trí scamaill na spéire.
    An Ghealach: Ma bhíonn an ré mí-shoiléir gheabhair baisteach. Nuair bhíonn an ré nua, nó an ré lán, ma bhíonn sí sméartha agus neamh-soiléir, sin comhartha fearthainne móire agus anaithe. Ma saoileann tú go bhfuil an ghealach níos mo na mar is gnáth agus go bhfeiceann tú fáinne ina timcheall sin comhartha báistighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Áit - Ainmneacha.
    An Pháirc Bhuidhe, An log Bhán, Páirc Cormaic, An Portacha, Log na Dtrioplóg. Páirc an Droichid. Páirce an Ghainimh. An Leacan (páirc). Leaca. Cnoc-na-hAitinne. Páirc Mhághnuir. Cnoc Bán. Baile an Easa. Sruth an Bhólaigh. Sruth an Bhinn Bháin. Sruthán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Carrickart, Co. Donegal