School: Carraig Airt

Location:
Carraig Airt, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Phaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 181

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 181

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig Airt
  2. XML Page 181
  3. XML “Scéal ar Naomh Colm Cille”
  4. XML “Próca Óir”
  5. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fad ó shoin bhí daoine i nGleann Riogh agus bhí siad iongantach saidhbhear. Bhí próca óir aca agus ní rabh fhios aca caidé'n áit a bhfagfadh siad é.
    Bhí daoine dar bh'ainma lochlannaigh ag teacht i nÉirinn san am sin. Aon lá amháin chuaidh na daoine seo amach ag siubhal. Bhí na lochlannaigh ag tabhairt achan rud a bhfuigheadh siad leobhtha, agus an rud chá dtiocfadh leobhtha a iomchar dóghadh siad é.
    Chualaidh na daoine i nGleann Riogh go rabh na daoine seo ag teacht acht ní rabh fhios aca caidé'n seórt daoine a bhí iontá. Chualaidh siad na sean-daoine ag radh go rabh siad ag goid achan rud. Thóg siad an próca óir mar go rabh na lochlannaigh ag teacht an bealach. Chur siad an próca óir idir dhá thóbar a bhí i nGleann Riogh agus tá sé ann go fóill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
      2. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Niall Ua Duibhir
    Gender
    Male
  2. Cómharthaí na h-Aimsire.
    Droch-Aimsear. Gailleann teacht na droch-aimsire ar lucht dathacha agus sean-chneadha: tagann pianta géara ortha. Iad seo go mbíonn fadharcán orra, bíonn a mbróga a luighe orra. Toisigheann éanlaithe snáimh ar iad féin do searradh agus ar a sciatháin do bhualadh agus bíonn siad ag glagarnaigh le h-áthas. Sceineann fáinleoga go hana-íseal ins an aer.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish