School: Carraig Airt

Location:
Carraig Airt, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Phaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 174

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 174

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig Airt
  2. XML Page 174
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Comharthaí na h-aimsire.
    An teine ag gleigléir chiotar rudaí innte. An sugha ag tuitim insan teine. An tuit ag teacht anuas.
    Aimsir bhreagh: An ghrian. Nuair bionn ceo tirim ann sin comhartha fathairne. Neithe i bhfad uainn agus [saoiltear]? go bhfuil ag ar dtaobh sin comhartha báistighe. [Fumanna]? i bhfad o bhaile. Nuair bíonn droch aimsir ag teacht bíonn an gealach na luighe ar cúl a ceann. Burbeal fairrge ag teacht isteach mar bhéadh éan leis. An cath na shuidhe ag an teine ag nuighe a agaidh. An madadh amuigh ag ithe feir. An ghrian leath bhaidhte sin comhartha droch aimsear. Nuair bíonn fáine thart ar an ghealach sin comhartha stoirme. An ghealach leith bhaidhthe sin comhartha baistighte.
    Seana Cheardanna.
    I bhfad o shoin ba ghnátha le na daoine bheith cliste. Seo cuid de na ceardanna a bhí aca; ag deanamh cuinneága, baraillí, stopanna, fonnsaí, gogain, agus píginní. Seo an dóigh a dhéanadh siad na fannsaí: Gheobhadh siad slataí agus sgoilfadh siad iad agus dhéanadh siad [cruinn]? iad. Bhí siad cliste fosta ag deanadh gogain. Fonnsaisí an t-ainm a bhí ar na daoine seo. Sean cheard eile a bhí aca tuigheadáireacht. Rachadh siad go dtí an áit a mbéadh an mhuirineach ag fás agus ghearradh siad í. Chuirfeadh siad sgéal ag an fhear seo annsin. Gheibheadh siad dreimirí agus bhainfeadh siad na ropaí de’n teach ar dtús. Chuirfeadh sé barr an muirínigh ur isteach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish