Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
Glen, Co. Donegal
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 97

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 97

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 97
  3. XML “Seanscéal - Fear Mhín Formlaigh agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Scéal. Fear Mhíon Formlaigh agus na Siógaí.
    I bhfad ó rhoim bhí fear in a chomhnaidhe i Míon Formlaigh. Bhí sé pósta ar bhean as an áit chéadna. fuair sise bás mar shíl seisean ag a mhúintear. ní mar amhlaidh bhí nó thug na siógaí leobhtha í. Bhí sí I dtinneas cloínn nuair a thug na siógaí í.
    Bhí seisean in a fear óg go fóill agus nuair a bhí an chead bhean bliadhain marbh rinne sé suas a intinn go bpósadh sé bean eile. Fuair sé an bean ceart go leor agus bí an pósadh le teacht ar aghaidh an t-seachtain in a dhaidh sin.
    bhí sé amuigh indiadh bá an oíche sul a sáibh an bhainis le teach tar aghaidh. Mhothaigh sé caoineadh ins na bantrachta in déas dó. Ansin mhothaigh sé bean ag caint léi in a ainm féin. Dubhairt sí gur sí an chead bhean a bhí aige, go dtug na siógaí leobhta í agus go raibh banng arú uirthi. Dubhairt sí ansin go raibh siad lé í a marbh ughadh an oidhe na dhaidh sin san áit sin. Bí sad lé beirt ag maracáidheacht ar bheithigh rich an lae. Rachadh siad mórán áiteanna ar an t-subhal sin ag dá bhfaigheadh siad duine ar bith le í a shábháil ní chuirfeadh siad un baig í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eithne Ní Ceallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Toam, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann