Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- Glen, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leabaidh Diarmuid agus Gráinne.Bhí Diarmuid agus Gráinne na gcomhnuidhe i gCuige Connachta. Bhí Diarmuid abálta troid a chuir ach a’n dhuine agus fearg ar gach duine leis. Bhí sé ar shiubhail la amháin agus bhí sé ag teacht abhaile fríd na sléibhte agus cuir an Tighearna Talmhan collach fiadhain roimhe le é a marbhughadh acht mharbh Diarmuid an collach fiadhain. Thainig sé féin agus Gráinne go Binn Gráinne agus an da inghean darbh’ ainm do Maigread agus Fionnguala leo. Ta Binn Gráinne i gCo Tír Conaill. Bhí teach aca annsin.
La amháin tháinig fear ag iarraidh i Grainne Maíghread agus mharbh Gráinne é. Tháinig a dheárbhráthair agus mhairbh se Gráinne le tuaigh agus nigh sé an fuil de’n chuaigh i loch na tuaighe agus sin an fáth gur tughadh an t-ainm sin o shoin. Lean Maíghread e annsin go baile na nGallóglach agus thuit sé agus bhris sé a chois. Thainig fear annsin agus thóg sé callan fa seo. agus tugadh an fear leis an cois briste go dtí an oispideal.
Sceal fa na Fianna.
Bhí fear ins na Fianna a bhí an laidir agus chaith sé cloch mhór o na h-Ardai go cnoc leargan. Ta duine de na curtha ar na cnoc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhuidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glengillagrana High, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Bhuidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Kill, Co. Donegal