School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 78
- XML “Na Tiarnaí Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Tigearnaí Talmhan.Bhí Iarla Liathdroma i n-a comhnuidhe i Maoil Ruaidh. Chuir sé cuid mhór de na daoine i bhFánaid as na toighthe. Bhí cois miade aige. Bhí seacht mna ins an teach leis acht cha rabh sé posta. Lá amháin bhí sé ag ‘ul go Co Liatdroma. Bhí fear ag ‘ul leis darbh ainm Micheál Ua Luaig leis an charr a thoimaint. h-Innseadh do Mícheál an oidhche roimhré go rabh siad ag ‘ul a sgaoileadh leis agus sul ar fhág Mícheáil an oidhche sin chuire tairne i gcois an capaidh agus bhéadh an carr eile ag Liatdrum siocar go rabh an capall s’ aige sean bacach. Nuair a thainig Liathdruim go coillidh Caitlin bhí beirt fhear annsin agus sgaoil siad-sán leis. Char mharbh siad é leis an an chéad urchar acht bhí cota iarainn air. Fuair siad greim air agus chuir siad urchar fríd a bhéal agus mharbh siad é. Nuair a bhí an fear a mharbhughadh é fuair Liatdruim greim air agus bhain sé lán a dhórnain de gruaige as. Nuair a bhí sé marbh fuair siad an gruag in a láimh leis. Cuireadh é i gCo Liathdroma. Chuaidh an beirt fear a marbh é go Fanaid.
- Collector
- Cáit Ní Bhuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Glengillagrana High, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Bean Uí Bhuidhe
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Kill, Co. Donegal