School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 36

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 36

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 36
  3. XML “An Ghorta Mhór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an bhliadhain 1845 mheath na preataí agus bhí ocras ar na daoine fríd an tír. Mhair seo ar feadh dhá bhliadhain agus thug na daoine an ghorta mhór air. Rith an ama sin fuair na míπte daoine bás ó'n ocras agus ó áicidheacha. Cuid de na daoine dhíol siad achan rud a rabh aca agus d'imthigh siad go Meiriceá. Nuair a mheath na preataí stad na cearca a bhreith.
    I ndiaidh tamaill tháinig min amach agus bhí dath dubh air. Thug na daoine mín dubhair. Rinne na daoine brachan as an mhin dubh seo. Gheobhadh achan duine ré réir mar bhí teaghlach aca. Na daoine a rabh teaghlach mór aca gheobhadh siad deich bpunta agus chaithfidh sin iad a dhéanamh deich lá. Gheobhadh na daoine a rabh teaghlach beag aca cúig punta agus chaithfidh sin iad a dhéanfadh cúig lá.
    I ndiaidh tamall thoisigh siad ag déanamh mín buidhe i gCarraig Airt. Théidheadh na daoine go Carraig Airt le ropaí fa na choinne. Ní rabh fhios ag na daoine an dóigh le brachan a dhéanamh as agus chuirfeadh siad isteach i n-uisge ar feadh lá é agus annsin d'íosfadh siad é.
    Bhí cuibhreann muirleogaí ag na h-Ardaí agus théidheadh na daoine a bhí na gcomhnuidhe ins na Dúnaibh fa na gcoinne achan lá le iad a ithe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Haimlet
    Gender
    Female
    Address
    Carnagore, Co. Donegal
    Informant
    Seamús Ó Fhrighill
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    Dunmore, Co. Donegal