School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 164
- XML “Seán agus na Gaisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug sé dhá deoch an cheann dóbhtha. Nuair a croithuighadh Séan a hata deireadh fear an siopa go rabh sin ceart go leor. D’fiafruigh na gaisce dó caidé mar tháinig sé achán uair a chraith seisean a hata go ndeireadh na fir go rabh sin ceart.
D’innis sé dobhtha gach rud a bhí a dhith air go dtigeadh sé D’fhiafruigh na gaisce dó an ndíolfadh sé an hata. Dubhairt seisean nach ndíolfadh acht indiaidh tamall thug sé isteach leis an hata a dhíol. Thug siad leath chéad punt dó air agus thug sé dóbhtha é.
Nuair a bhí siad dul na bhaile chuaidh siad isteach ins an céad teach órta agus d’iarr siad deoch agus nuair a bhí sé ólta aca. Thoisigh fear aca ag craitheadh an hata agus fear an siopa ag fanacht ar an airgead.
Dubhairt fear aca nar sin an dóigh a chroith Séan a cheann. Cuir seisean an hata air agus rinne an rud céadna agus bhí an fear ag fanacht leis agus dubhairt an fear eile narbh sin an dóigh a chraith Séan é agus ní rabh maith ar bith ann agus b’eigean dóbhtha an t-airgead a dhíol dó. Bhí fhios ag Séan go mbéadh siad arais. Bhí [nead]? coinín aige agus thug isteach beirt aca agus [bhuir]? sé líne ar muineál ar bheirt. Thug Séan ceann aca leis agus d’fhag an ceann eile san tseomra. Dubhairt sé leis an mhathair í a leigeant amach agus dul fá na choinne. Rith an coinín amach agus nuair a bhí sé ar shiubhail giota. Tháinig Séan isteach agus an cheann eile leis agus shíl na gaisce gur an ceann a cuireadh amach a bhí ann’(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Largantrean, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ua Cheallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Largantrean, Co. Donegal