School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 140
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Sgeal.
    Bhí fear ann uair amháin darbh’ ainm Sean. Bhí sé na chomhnuidhe le na mhthair. Ní rabh morain ciall aige. Lá amháin chuir a mhathair é go dtí an aonach le bó. Cha dteachaidh sé i bhfad gur casadh fear air. D’fhiafruigh an fear do cia bhféid a bhí a dhithair ar an ghabhar. Dubhairt Sean nach gabhar a bhí ann acht bó mhaith. Dubhairt an fear, “Teidh ar aghaidh agus tcidhfidh tú”. Cha dteachaidh sé i bfhad gur casadh fear eile air. D’fhiafruigh sé do cia bféid a bhí i dhith air ar an ghabar. Dubhairt Sean nach gabhar a bhí ann acht bó mhaith. Dubhairt an fear “Teidh ar aghaidh agus tcidhfidh tú”. Cha dteachaidh sé i bhfad gur casaidh fear eile air. D’fhiafruigh an fear do cia bhféid a bhí i dhith air ar an ghabhair. Dubhairt Sean leis féin, “Caithfidh sé gur gabhar atá ann no deir achan nduine é”. Annsin dubhairt Sean go nglacfadh sé punta ar an ghabhar. Dubhairt an fear go dtabharfhad sé deich sgilling do. Annsin thainig fear eile thart agus sgoilt sé deich sgilling eatorra. Agus ghlac Sean cúig sgilling dheig ar an bhó. Nuair a chuaidh sé na bhaile bhí a mhathair ar mire leis. Dubhairt Sean go mbeadh dioltas aige an dara aonach. Chuaidh sé go dtí an dara aonach. Chuaidh sé isteach go trí theach thabhairne. Agus thug sé cúig sgilling do achan fhear. Dubhairt sé ins na trí tighthe go dtiocfadh sé isteach ar ball agus fear leis agus nuair a bhéadh an cúig sgilling
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1551: The Wager that Sheep are Hogs
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Haimlet
    Gender
    Female
    Address
    Carnagore, Co. Donegal
    Informant
    Seamús Mac Lochlainn
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Carnagore, Co. Donegal