School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 135
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar-lean.
Nuair a bhí sé ag ghul suas bealach an leachta chuaidh sé i n-abar agus cha rabh sé abálta fághail ar shiubhail. Acht bhí fear as an Gleann Ard ag cuartughadh a asail an oidhche céadna agus tháinig sé air agus tharraing sé é amach. Chuir sé é a mharchuidheact ar an asal agus d’fhág sé abhaile é. Nuair a tháinig siad leis an Gléann Árd bhí an bealach mór sleamhain agus thuit an asal i ndíog a bhí cois an bealach mhóir agus an fear bocht faoi. Cha rabh fhios aige ag an fear ar leis an asal caidé le deánamh annsin. Le sin casadh seanduine ortha agus d’innis an fear do caidé mar bhí agus chonnaic an seanduine cosa an asail, agus máirdhe shil se gur an fear a bhí ann agus tharraing se an asal in áit an fear agus dubhairt sé “Och mo creatúir tá tú cáillte”.
D’éirigh an fear annsin agus bhí sé nios mó frid a chéile an t-am seo. Nuair a sroich siad an bhaile d’iarr sé ar a bhean éirigh agus braon tae a deánamh do féin agus dó’n fhear a d’fhág sa bhaile é agus deoc mhine bhuidhe a deánamh do’n nasal.
Tháinig fearg ar an bhean agus d’éirigh sí agus bhí scála uisce salach ar an urlar agus thóg sí e agus chaith sí é éadar an dá súil air, tóg seisean bata annsin agus bhris sé an phota agus bhí rachán millteanach aca na dhiaidh shin.
(Feach ar an dara leathanach)(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Bhuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Glengillagrana High, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Bean Uí Bhuidhe
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Largantrean, Co. Donegal