School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 130
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhuachaill cad chuige a staideadh sé i gcomhnuidhe ar an dó dhéag gach Satharn. D’iarr sé ortha theacht Dia Sathgarn a’s go míneócadh sé sin dóbhtha. Tháinig fear amháin aca. Bhí an buachaill ag treabhadh le dhá bhológ i gcuibhrean.
    Nuair a tháinig an dó dhéag sheasuig sé tamall beag. Annsin arsa seisean leis an fhear a bhí annsin ag feitheamh ar a fhreagar “An gcluin tú rud ar bith?” “Ní cluinim” arsa seisean. Cuir do chois dheas ar mo chois dheas-sa arsa’n buachaill. Rinne sé sin agus chualaidh sé an seinm a bá deise dar chuala sé ariamh. “Sin cloig na bhFlaithis arsa’n buachaill. Toisigheann siad ag bualadh ag an dó dhéag gach Satharn a’s m’stadann siad go h-oidhche Dhomhnaigh. Stadaim-sa nuair cluinim iad sin”.
    B’eigean do na buachaillí aimsire iad féin a shocrughadh annsin agus bheith sásta oibruighadh ag deireadh na seachtmaine fosta. Mhair an scéal mar sin rith fada.
    Sa deireadh lá amháin sgaoil an buachaill seo na bológaí nuair a bhí sé tamall beag amuigh a’s tháinig na sraide leobhtha. Chuir an maighistear ceist air caidé bhí cearr. Ní’l mé abalta níos mó a dheánamh nó tá an bás orm arsa’n buachaill. Bhí buaidhreadh mór
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Eithne Ní Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Drumlackagh, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Ua Ceallaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Drumlackagh, Co. Donegal