School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 123
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)doilígh sin a dheánamh.
Lá thar na mharach chuaidh Seán go dtí’n áit a mbíodh an ministear ag teagasg chuaidh isteach agus las suas le fiche coinnle. Bhí daoine ag dul thart agus chonnaic siad an solas. D’innis siad do’n mhinistear agus tháinig an ministear go dtí’n áit. Bhí Seán in a sheasamh ar an áit a mbíodh an ministear ag teagasg agus nuair a chuir an ministear ceist air dubhairt Seán gur teachtaire ó Dhia a bhí ann agus go rabh seisean ag gul a thabhairt eisean n bhFlaithis. Bhí luthghair ar an mhinistear nuair a chuala sé sin.
D’fhiafruigh Seán dó annsin an rabh mórán airgid aige. D’iarr sé air ghul na bhaile agus é a thabhairt leis nó go mbéadh siad ag troid fá dtaoibh dé nuair bheadh seisean imthighthe agus nach ndeánfadh sin gnoithe san áit a rabh seisean ag gul. D’imthigh an ministear a’s thug leis an méid airgid a’s bhí aige ac fiche púnta a d’fhág sé ag an mhac a b’óige. Nuair a tháinig sé arais d’fhiafruigh Seán dó an dtug sé iomlán leis. Bhí eagla ar an mhinistear bréag a innse a’s dubhairt sé gur fhág sé fiche púnta ag an mhac a b’óige. Dubhairt Seán nach ndeánfadh sin gnoithe nó go gcaithfidh sé iomlán a bheith leis.
D’imthigh an ministear fá choinne an chuid eile(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Pádhraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Informant
- Sedhbha Nic Daibhidh
- Gender
- Female