School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 119
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis dé airgead isteach sa chliabh. Nuair a bhí an cliabh lán aige tharraing siad-san suas an an cliabh agus d’fhág siad Seán.
Bhí sé i gcruad-chás annsin. Ní rabh fhios aige caidé bá chóir dó a dheánamh.
Sa deireadh fuair sé croiceann bolóig agus adharca air. Chuir sé air é a’s thoisigh sé ag briseadh na fuinneóige le truisne a thógail.
Mhothuigh an fear uasal an truisne as d’eirigh sé. Thug seisean iarraidh air leis na h-adharca. D’fhiafruigh an fear uasal dó caidé bhí sé a iarraidh. Dubhairt Seán gur é an Diabhail “agus muna bhfoglacaidh tú an doras agus mé a leigint amach go ciúin bainfidh mé an cionn de’n teach”. D’fhosgail an fear uasal an doras a’s leig amach Seán, nó ba mhaith leis é a fhághail ar shiubhal.
Nuair a fuair Seán amach tharraing sé ar theach na gaduidheanna agus croiceann an bholóig air. Nuair a bhain siad an teach amach bhí na gaduidheannaí na suidhe cois na teineadh ag cunntas an airgid agus bhí solas beag aca. Bhí fuinneóg bheag ar an teach agus chuir Seán isteach í leis na h-adarca. Shíl na gaduidheanna gur an Diabhal a bhí ann agus d’fhág siad an teach agus an- t-airgead agus ar shiubhal leobhtha an méid a bhí in a gcorp.(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Pádhraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Informant
- Sedhbha Nic Daibhidh
- Gender
- Female