School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 109
- XML “Seanscéal - Fear an Tearmainn agus an Seachrán a Tháinig air”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Sgéal. Fear an Tearmoinn a’s an seachran a tháinig air.Bhí fear san Tearmonn uair amháin a’s chuaidh sé go Cnoc an Ghleanna Áird ag cuartughadh caora. Chuaidh sé fhad le teach ar an Ghleann Áird ag cur seanchuis fá’n chaora. Chonnaiceas í thart fá’n áit cúpla lá roimhe sin.
Dubhairt sé le fear an toighe go rachad sé suas an cnoc giota beag go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé í. D’iarr fear an toighe air gan a ghul nó go rabh seachran san chnoc sin. Dubhairt seisean nach rachadh sé ibhfad ó’n bhealach mhór. Chuaidh sé giota suas agus casadh fear eile air. Bhí an ceo cruinn thart fá’n áit a rabh siad ag cainnt. D’éirigh éilin cearca fraoich in deas dóbhtha. Bhí siad ag tabhairt eiteóig corr ghiota annsin thuitfeadh siad airís. Lean na dir iad ach chán fuair siad greim ortha. Phill siad airís [de]? ghul na bhaile ach nuair a shíl siad go rabh siad ar bhealach cheart bhí siad ag siubhal fríd an chnuic. Bhí fear an Ghleanna Áird ag rith leis agus fear an Tearmoinn ag sgairtigh leis a am a ghlacaint. Bhí siad ag teacht annas de bruaich mhillteanach fosta fear an Ghleanna Áird ag rith leis agus fear an Tearmoinn ag iarraidh congbhail(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Nóra Ní Gallchobhair
- Gender
- Female