School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 107
  3. XML “Seanscéal - Cailín Chlocháin Léith agus an Salann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Sgeal. Cailín Clocan léith a’s an Salann.
    Bhí táchran in a comhnaidhe in aice leis an Chlóthan léith oar b’ainm oí Sighle Nic Domhnaill tá fadh o soin.
    Oidhche amhain cur a máthar isteach na bháile mhór i fá dhéin tae agus suicra a’s rudaí mar sin. Tharla sé ar [chaoi]? ar bith go bhfuair sí lucht pinghne salainn. Oidhche bréag Samhráidh a bí ann agus bhí se ag eirighe dorcha nuair a d’fhág si an siopa. Tháinig seachrán ar an chailín bocht as siubhail sé leithe i gcomnaidhe ag deanamh go rabh sí ag tarraingt ar an bhaile.
    Máidin lá ar na bharach bhí sí i b’fos i ndoireásclaidhe indiaidh deic mhile as fíche a chur tairstí nuair a bhí an grian ag éirighe. Bhí bean i ndoiréasclaidhe in a suidhe le h-eirighe na gréine fá chóinne na bá a cur ar fhéar roimhe am blighe. Chonnaic sí an tachrán ag dul fríd na h-ardain agus bhí iongantas uirthe duine comh beag sin a fhéiceail amuigh go luath ar máidin. Phill sí isteach aris a’s tosiugh sí ag deanamh tae duithe féin. Nuair a bhí sí tamall thainig iongantas uisthe cionnus nach rabh an cailín ag teach isteach. Chuaidh sí amach agus chonnaic sí í ag tarraingt ar loch an Ghleanna. Rith sí na dhiaidh as fuair sí greim ar an cailín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Fionghaile
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    80