School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)san loch sin thíos a bhaint, iad a bhruith agus an sugh a thabhairt duithe le h-ól bhéadh biseach uirthi”. Chuaidh an fear abhaile. Maidín lá thar na mhárach fuair sé na planntaí bhruith iad agus thug an sugh duithe. Ní rabh i bhfad go rabh biseach uirthi. Bhí sí abalta a h-ainm a innse agus ainm a hathora agus a máthara agus an áit ar b’as í. Le sin chuimhnigh an fear ar an rud uilig a’s a chuir na sidheógaí ar an bheirt aca.
Dubhairt an bhean óg gur mhaith léithe fághail na bhaile. Thug an fear leis an béach a’s thug ise leis ar a chúlaib a’s d’fhág san bhaile í. Nuair a chonnaic a máthair í thoisigh sí a chaoineadh. “Cad tuige a bhfuil tú ag caoineadh”? arsa’n fear. “Tá adhbhar caointe agam” arsa’n bhean, “nó bliadhain san oidhce anocht a cuireadh nighean domh. Thuit sí marbh an oidhche a pósadh í agus mhinneóchainn mar bé go bhfuil fhios agam go bhfuil sí marbh gur sin í na seasamh annsin”. “Sin í” a deir an fear agus d’innis an bheirt aca an scéal ó thús go deireadh.
Thug an t-athair agus an mháthair buidheacas mór dó’n fhear annsin. Bhí féasta mór aca agus nuair a bhí sé thart chuaidh an fear abhaile chuig na mhthair.
(Feach ar an dara leathanach)(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Derriscligh, Co. Donegal