School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teacher: Tomás Mac Fhionghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)feiceál na shuidhe faoi thor iongantach luath ar maidín agus bíonn sé i gcomhnuidhe ag obair le sean bhróg. Deir na seandaoine go bfuil sparán ór ag an Leipreachán, acht go bfuil se i bhfolach aige ar eagla go mbeirfeadh duine ar bith air agus go mbainfeadh siad an t-or uaidh.
Maidín amháin iongantach luath bhí fear as an Bhaile Úr ag ghabhail amach a iasgaireacht. Nuair a thainig sé fhad le na currach cualaidh sé torman agus a d’amarc sé faoi’n churrach connaic sé fear iongantach beag agus é ag coiriú sean bhróg. Fuair an fear greim ar an Leipreachán agus d’iarr sé air innse dó an áit a rabh a chuid óir i bhfolach aige. “An bhfeiceann tú an cloch atá atá thuas ar thaobh an chnuic sin”, arsa’n Leipreachán. D’amharc an fear thart acht nuair a d’amharc sé faoi’n(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Buadhaigh
- Gender
- Male
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Brian Ó Siadhail
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal