School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 309

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 309
  3. XML “An Chuinneog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An chuinneog.
    Tá cuinneog in gach teach fa’n áit seo ins an am i lathair. Tá an chuinneog slat in áirde agus tá sí 1½ troigh ar leithead ins an tóin agus ins an lar. Tá sí troigh ar léithead, agus ins an bhéal tá sí troigh agus trí orlaigh. Ins an áit seo ní bhuaileann na daoine acht uair amháin sa’n t-seachtmhain ins an Gheimhreadh agus trí uaire ins an t-Samhradh. Buaileann siad an bainne le lonthaidhe. Bíonn siad ag obair leis an lonthaidhe le na gcuid lámh a tabhairt aníos agus síos agus thart ins an chuinneoig. Nuair a bhíonn an bainne buailte bíonn giotaí beaga de’n im amuigh ar bhéal na cuinneoige. Nuair a bhíonn sé buailte tógann siad an t-im leis an lonthaidhe isteach ins an scála agus buaileann siad é le dhá chlár leis an uisge agus an bainne a bhaint as. Tá clar ar an chuinneoig agus tá poll ins an chlár fá choinne an lonthaidhe a chur síos, agus tá an clár fá choinne gán leigint do’n bhainne a teacht amach ar an urlár nuair a bhíonn tú ag bualadh. Tá dóig eile le bainne a bhualadh, agus is le bairille a bhualtaoi é. Bheadh bairille in a seasamh ar chineal de stól, agus ta casadóir ag gobadh amach as an bhairille, agus nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Buadhaigh
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó hOireachtaigh
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal