School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 304
  3. XML “An Chuinneog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An chuinneog.
    Tá cuinneog in gach aon teach ins an cheanntar seo. Duine ar bith a bhfuil ba bainne aige, caithfidh sé cuinneog a fhaghail leis an bhainne a bhualadh. Tá an chuinneog déanta cruinn, agus tá sí tuairim trí troighthe ar áirde. Tá mórán cuinneogaí agus tá siad déanta de stáin, agus nuair a bhíonn an maistreadh buailte tá áit bheag agus thig leat an bhláthach a fhaghail amach, agus fághtar an t-im. Tá an clár déanta cruinn fosta, agus tá poll beag ag gabhail fríd a lár ionnus go dtig leis an lonthaidhe a ghabhail isteach ann. Ní cineal amháinn de chuinneoig atá ann. Tá cuid aca mar baraille ann, agus tá rud beag ag gobadh amach as ionnus go dtig leat é a chasadh leis an bhainne a bhualadh. Ins na h-uachtarlainn mhóra, tá inneal aca, agus is le capaill a bhuaileann siad an bainne. An bhláthach a fagtar indiaidh an bualadh, tá sé iongantach maith fá choinne muca a chothughadh, agus fosta tá sé úraideach fá choinne arán a dhéanamh do na mná. Nuair a bhíonn barraideacht ime ag na daoine díolann siad le siopadoirí é agus ghnidheann siad airgead maith as. Bá ar bith nach bhfuil ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Cathal Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Mac Giolla Bhrighde
    Gender
    Male
    Age
    69
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal