School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 291
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean fhocail.
    Tá cuid mhór sean focla ag na daoine fa’n áit seo, acht na rudaí is féarr sé. “Fear gan píopa fear gan sgithiste, agus bean gan leanbh, bean gan leithscéal. An miniú atá le fear gan píopa, fear gan sgithiste sé fear nach bhfuil píopa no tábac nó a dhath aige, agus bíonn sé ar shiubhal ó theach go teach ag cuartughadh tábaca agus píopa. An miniú atá le bean gan leanbh, bean gan leithscéal sé an bhean nach bhfuil posta agus nach bhfuil leanbh ar bith aicí níl bhuaidhread ar bith uirtí. Fosta deir na sean daoine nuair a bhíonn an cat amuigh go mbíonn an luchóg ag imirt fríd an urlár”.
    An míniú atá leis an t-sean-fhocal sin sé nuair a bhíonn an cat amuigh thig leis an luchóg a theacht áit ar bith príd an urlár, agus ní bhíonn a dhath eagla uirthí. Tá sean focal eile ag na sean daoine. “Is é an saoghal an fear cleasach”. An mínú atá le sin sé nuair a bhíonn ró chinnte dó obair ar bith a fhaghail agus nuair nach bhfaghann sé é deir na daoine na sean focla sin. “Is doiligh bríste a bhaint dó thoin tharnocht”. Deir daoine na focla sin nuair nach mbíonn éadac ag duine le cur air. Tá sean fhocla eile, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheal Mac Laithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Ó Gallchobair
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal