School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 289
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuid mhór sean fhocla thart fa'n áit seo. Tá cuid mhór daoine agus tá fhios aca ar chuid mhór aca agus ta siad iongantach deas. Rinne na sean daoine na sean fhocla seo nuair a d'innseachadh duine ar bith scéal iongantach dóbhtha. Nuair a cluineann na sean daoine rud iongantach fá duine, deireann siad go rabh sin ann ó dhuthchais nó go dtúg sé ó dhuthchais é mar, "Tug an chearc an sgíobhadh," Sin go rabh sé ann ó rugadh é. "Bíonn gach aon tosnú lag." "Dá méid is dól sé bhí an tart ag méádughadh." "Is dá mhéadh a dith sé bhí an t-ocras ag méadughadh." Seo an míniú atá leis dá réir amr bhí sé ag éírge mór bhéádh sé ábalta níos mó a ithe agus a ól. "Mar bhfuil ciall aige bhéarfaidhe an saoghal ciall dó." Sin nuair a rachaidh duine amach fríd an t-saoghal go gcaithfidh sé oibriughadh dó féin agus a cuid airgead a fhághail dó féín. Tá sean focla eile ag na sean daoine mar tá "Nuair a bhíonn an cat fuar bíonn an luchóg té." Sé an míniú atá le sin nuair a bhíonn an cat ag coimhead na lochóige (?) bíonn siad (?) istoigh sa pholl. "Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb." Ní hé an lá a bhíonn an ghaoth mhór ann is ceart do na fir a bheith amuigh ag cur gach uile rud i gceart.(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Ní Dhúbhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An tArd Bán, Co. Donegal
- Informant
- Conchubhair Mac Giolla Bhrighde
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An tArd Bán, Co. Donegal