Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 273
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibheanna.Tá cuid mhór seort luibheanna ag fás fá’n cheanntar ins an am i lathair. Fásann an chuid is mó aca seo ins na cuibhreainn. An luibh is coitcheann fá’n áit seo sé Garlóg. Tá an gharlog maith fá dó choinne nuair a bhíonn an sladán ort. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé ballain buidhe, an t-ainm atá air. Ní itheann duine ar bith na ballan bhuídhe acht na h-ainmidhthe. Sé súile buidhe luibh eile atá ag fás annseo, fásann siad i locha agus i bpurtaigh. Fasann na luibheanna ins an t-Samhradh agus i dtús an Geimhridh. Tá cois chaoil ar na súile buidhe agus ceann cruinn buidhe air. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé an tainm atá air sé sláich. Fásann sé síos ar an talamh agus ní éirigheann sé suas ar chor ar bith. Tá dath bán ar an chuid a bhíonn shíos ar an talamh agus tá dath glas ar an chuid eile de. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé coll faithche an tainm atá air. Tá go leor aca ag fás annseo agus sé dath glas atá ortha. Ma chuireann tú do lámh chór ceann ata bhruithfeadh sé thú. I bhfad ó shoin bheireadh na sean daoine an coll fáitche isteach agus chuireadh siad uisge té ortha. Annsin bheireadh siad iad dó na ba. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé siolastar an t-ainm atá air. Fásann an siolastar i locha agus i bpurtaigh agus in áiteacha bog. Tá an siolastar coitcheann fa’n áit seo, mar go bhfuil go leór purtaighm agus locha annseo.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Mac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Cathal Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal