School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 257
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Toibreacha beannuithe.
    Tá tobar darbh ainm “Tobar an Dúin” suidhte i páraiste an Tearmainn. Téigheann cuid mhór daoine annsin le léighiseanna a fhághai. Is le fear darbh ainm Micheal Ó Brodlaigh an pháirc in a bhfuil an tobar suidhte ann. Olann na daoine an t-uisge agus bheireann siad cuid de abhaile leobhtha chuig na daoine fa bhaile. Fágann na daoine rudaí beaga mar boinn, Scaball, bioráin agus rudaí beaga mar sin. Ins an t-Samhradh is mó a théigheann na daoine go dtí an tóbar seo. Nuair a théigheann na daoine go Tobar an Duin, bheireann siad búideal leobhtha leis an t-uisge a ól agus leis an uisge a thabhairt leobhtha na bhaile chuig na daoine sa bhaile. Téigheann cuid de na daoine annsin [le]? léigheas a fhágail má tá siad tinn nó má tá aicideacht de sheort ar bith ortha. Bá é sagairt a fuar an tobar sin. Bhí sé ag siubhal amuigh lá amháin, agus shuidh sé síos annsin a dhéanamh a sgithiste. Bhí sé na shuidhe annsin tamall maith agus nuair a d’éirigh sé níor smaointigh sé ar a bhata a thabhairt leis agus dubhairt sé nuair nach dtug sé leis [sé]? ag éirigh dó nach mbéadh sé ceart aige é a thabhairt leis annsin. Dubhairt sé go néireochadh carraic no tobar anios annsin agus dubhairt sé an chead duine a gheobhadh greim ar an bhata indiaidh é léimint aníos agus seort ar bith aicíd a bheith air go mbéadh sé léigheasta.
    Cúpla lá na dhiaidh sin cuaidh fear isteach na páirce agus shiubhai sé thart an áit uilig. Thainic sé fhad le bruach a bhí ann. Sheasuigh sé ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal