School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 254
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Toibreacha beannuithe.
    Tá tobar beannuithe darbh ainm tobar an Dúin agus tá sé suidhte in aice le Tearmann. Téigheann an cuid daoine ar chuairt chuig an tobar sin acht go mór mór ins an t-Samhradh. Ar an Domhnach a téigheann siad go tobar an Duin. Tá poll beag ag an tobar agus fágann daoine Coroin Mhuire agus píosaí beaga de éadach agus fosta fágann siad airgead ins an pholl. Nuair a sroicheann siad an tobar baineann siad a gcuid brog dobhtha agus shiubhlann siad thart ar an áit trí h-uaire agus iad costarnochta. Bíonn cupla buideal leobhtha agus bíonn an t-uisge chun na bhaile leobhtha. Ólann siad trí deochranna de uisge ag an tobar agus gnidheann siad iad féin a coisriocadh trí h-uaire indiaidh a chéile. Deirtear go rabh fear óg ann, agus bhí sé creapálta agus thug a cuid caraid go tóbar Dúin é, agus chuaidh sé thart ar an tobar trí h-uaire agus léighiseadh é agus d’fhág sé na bhata ina dhiaidh ag an tobar. Téigheann chuid mhór daoine tinn agus daoine na bhfuil an t-sláinnte aca chuig an tobar sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Ghallcobhair
    Gender
    Female
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Padraig Uí Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal