School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 242
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lucht siubhail.
    Thig lucht siubhail thart go minic. Bíonn earraidh aca le díol agus bíonn cuid aca ag díol éaduigh. Seán Ó Ruairc, bíonn sé ag díol éadaigh. Padraig Ó h-Oireachtaigh, Proinnsias Mac Giolla Bhrighde, Niall an Phandaí, Peadar na n-ubhlaí, Brighid na Mallacht, Nóra an t-Síoda, Padraig Leagan, Seán a Mheadair, Donnchad Bonar, Eamonn Ó Annluain, Brian Báirneach, agus Neansaigh na gCreathneach, seo iad ainmeacha na n-daoine a thiocfadh thart i bhfad ó shóin. Bhéadh Seán Ó Ruairc ag díol éadaigh agus chaithfeadh sé oidhche annseo agus ann-siud fríd an áit.
    Bhí Peadar Ó h-Oireachtaigh maith ag innse sgéalta agus an teach a bhéadh sé ag codladh ann thiocfadh na daoine uilig isteach a d’éisteacht leis. Bá ghnathach le Pádraig capall a bheith a bheith leis agus an teach lóistín a bhéadh sé ann, bhéadh sé ag cainnt le fear a’ toighe fá chaiphlí agus ag moladh a capall féin. Bhéadh Niall ag díol pandaí agus annsin tugadh Niall an Phandaí air. Bhéadh Peadar ag gabhail thart ag díol ubhlaí agus bheadh capall leis agus trucail agus sin an fáth ar baisteadh an t-ainm sin air.
    Thiocfadh Brighid thart go minic agus ní rabh fáilte rompa agus bheireadh sí mallacht ar lucht a’ toighe agus tugadh Brighid na Mallacht uirtí. Bheadh Nóra ag díol síoda agus tugadh Nora an Síoda uirtí. Thiocfadh Pádraig thart agus chuirfead sé ceist ar na daoine an bhfacadh siad bó thart áit ar bith. D’ólfeadh Seán an phighinn dheirinneach de a chuid (dheir) airgid agus bhéadh sé ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Buadhaigh
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Ó Siadhail
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal