Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhte Allta.
    Fad ó shoin bheadh cuid mhór ainmidhte allta thart fá'n áit seo mar bhí cuid mór coillte ann. An leomhan agus an madadh ruadh agus an coinín agus an mactíre bheadh siad sa'n ins an tír san am sin agus sgriosadh siad an bárr ar na daoine. Tá dúil mhór ag na coiníní ins na turnaipí agus ins an cháil. Tá an madadh ruadh iongantach cliste agus marbhuigheann sé cuid mhór cearc agus cuid mhór lachain. Uair amháin cuaidh madadh ruadh isteach i gcró cearc i bpoll beag a bhí ar an bhalla agus d'ith sé cuid mhór de na cearca. Annsin thug sé iarraidh a ghabhail amach arais agus ní rabh sé abalta mar bhí sé ró reamhar. Ar maidin thainic bean a toighe amach i na cró fuair sí an madadh ruadh i na luighe sa cro, agus thug sí iarraidh é a chur amach agus ní rachaidh sé amach ar chor ar bith. Leig sé air féin go rabh sé marbh. Nuair a connaic sí na rachaidh sé amach dí d'imthigh sí fá coinne spáid agus nuair a thainig sí arais bhí an madadh ruadh ar siubhail.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Uí Canann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tArd Bán, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Siadhail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An tArd Bán, Co. Donegal