School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 220

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 220
  3. XML “Filí an Bhaile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl morán filí fá'n ait seo ins an am i lathar acht bhí cupla fear a dtiocfadh leo amráin agus dántaí a dhéanadh. Bhí fear darb anim Donnchadh Ó Briain dó bhí na chomhnuidhe ar an Corrach. Rinne sé dán fá cuid fir Gleann Árd ar an dóigh a bá ghnathach leo obair le capall. Bhí dóigh aca dóibh féin le obair le capall. Tá sé tuairm céad bliadhain o bhí sé beó, agus níl an dán sin ag duine ar bith anois.
    Bhí fear in a chomhnuidhe in nDumhnaigh darbh ainm Seán Mac Laithbheartaigh; rinne sé amhran gaedhilg agus ní rabh sé ábalta scríobhadh nó leigheamh. Rinne sé amrán fá bhean na síodhogaí. Ní rabh aice seo acht í féin agus bhéadh cuid mhór síodhogaí astoigh aice gach oidhche. Bhí sí ag innse do na comharsanaigh gach lá agus ní rabh siad a chreidbhéil agus an oidhche seo cuaidh cupla duine isteach agus ní rabh siad ibhfad astoigh gur thoisigh an ceól, an damhsa agus an callán. Thainig eagla ortha agus d'imthigh siad arais. Annsin chuaidh siad fhad le Seán, an file agus d'innis dó san fá seo agus rinne sé dán fá dtaoibh dithe.
    Bhí file eile i Míodhbhaigh darbh ainm Cathal Mac Phádín; rinne sé dánta fa'n Mhaigdean Mhara agus fá'n mhadadh ruadh. Rinne an fear sin cúpla amhran fosta. Bhí file eile in Ardbán darbh ainm Donnochadh Mac Giolla Bhríghde agus rinne sé amhran deas darbh ainm Ráice na hÉireann. Bhí sé ábalta scríobhadh agus leigheamh agus rinne sé cuid mhór dánta fosta. Bhí fear eile ag gabhail thart ag cruinniú déirce. Seanín Riclín. Ba ghnáthach leis fanacht in nDoire Chasain agus bhí sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Ní Dhubhthaigh
    Gender
    Female
    Address
    An tArd Bán, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal