School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)badaí de stain, agus ma ta siad comhgarach do’n fhairrge, nó ma tá loch in aice an toighthe bíonn spóirt mhór acu ag saolteoracht an bháid ann. Bíonn siad ag imirt le liathróidí láimhe agus fosta bionn siad ag imirt le liatróidí laimhe ar tráigh, agus bíonn greann mór acu. Bíonn na cáiliní beaga ag deánamh cardaí de [nóininí]?, agus cuireann siad na cardaí sin thart ar muineál. Bíonn siad ag deánamh siopaí beaga, agus bíonn siad ag cur luaith i mbocsaí, agus bíonn siad ag cur i gcéill gur tae agus siúchra a bhíonn siad ag díol. Bíonn siad ag deánamh tóighthe beaga fosta agus bíonn siad ag deánamh dreísiúr beaga de phíosaí de leacacha.
Bíonn phíosaí beaga de gloine acu fa choinne cupaí agus bíonn siad thuas ar an dréisiúr acu. Bíonn na gasraí beaga ag déanamh bádaí beaga agus gluaisteán ins an ghainamh agus bíonn siad ag cur i gcéill go bhfuil siad amuigh ar an fháirrge nó go bhfuil siad ag tiomaint an gluaisteain ar an bhealach mhór. Ins an gheimhreadh bíonn gáistí curtha acu fa choinne breith ar éanacha na spéire nuair a bhíonn an sneachta ann, agus bíonn coirce no píosaí beaga de arán ionnta.- Collector
- Máire Ní Bhuadhaigh
- Gender
- Female
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Mac Siadhail
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal