School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 175

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 175

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 175
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Daoine Cáileamhla.
    D’iomchar Séan Ó Gallchobhair Gortamóra, na Dúnaibh, dhá fhichead cloch choirce ó stór Ramsey in nDúnfanchaigh go céidh D’únfanchaigh ar a dhruim. Lá amháin chuaidh Pádraig Mac Laithbheartaigh as an bháile céadna go dtí an Craoslach fa choinne seisreach iarainn clí fhoirsta agus d’iomchur sé iad na bháile. Bhí tuairim ar sé mhíle le siubhail aige. Bhí seanduine ar an bháile s’againne a dtabharfadh siad Eoin Mheadhbha, Gortamóra, na Dúnaibh agus siulfadh sé ó’n na bháile féin go Dóire i sé uaire, agus bhí an fear seo beo go rabh sé céad bliadhain. Bhí fear ina chomhnuidhe in Árdbán na Dúnaibh, Tír Chonaill dar’bh ainm Sean Mac Giolla Bríghde, agus d’fhágadh a bháile féin agus siubhalfadh sé go Báile na nGalloglach in uair go leith. Bhí Domhnall Mac Laithbheartaigh, Doire an Chasain, na Dúnaibh, ábalta teach a toghail i gcoicís agus an leibheal a bhí aige sé bamhail uisge agus snáithe dearg. Bhí Brian Mac Laithbheartaigh, Bun a Bhallaigh, na Dúnaibh, iongantach maith ag snámh. Shnamh sé siar leat na báidhthe agus aniar arais agus a mhadadh leis ar a dhruim. Bhí seanduine ina chomhnuidhe ins na Dúnaibh a dtabharfadh siad Donncadh Mac Ghiolla Cheara air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Gorta Mór, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    77
    Address
    Gorta Mór, Co. Donegal