School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 158
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanchas i dtaoibh na h-aimsire.
    Nuair a bhíonn stoirm mhór ag teacht bíonn fhios ag na sean daoine ó'n spéir, agus ón nadúir, agus ó na h-ainmhidhthe, agus ó na h-éanacha. Nuair a bhíonn stoirm ag teacht bíonn na néaltaí in a ríth fríd an spéir roimh an ghaoth. Nuair a bhíonn an spéir dearg ar máidín béidh sé ag cur roimh an óidhche agus ma bhíonn an spéir dearg tráthnóna, sin comhartha go mbeidh aimsir mhaith le theacht. Nuair a bhíonn an ghealach leath bháithte sin comhartha go mbéidh droch lá ann lá thar na bhárach. Ma bhíonn faínne thart ar an ghealach sin comhartha go bhfull stoirm ag teacht. Ma bhíonn fáinne beag uirthí béidh an stoirm i bhfad uainn. Nuair a bhíos siocán air bíonn na réaltógaí uilig amuigh agus bíonn siad ag soillsiughadh ins an spéir. Éirigheann réalt na maidne ar a ceathar ó'chlóg. Ba é sin an treoraidhe a bhí ag na sean iasgáirí fad ó shóin no bhí fhios acu go n-éireochaidh an réalt seo ar an am chéadna gach máidín. Nuair a bhíos na scamaill in na ríth fríd an spéir, sin comhartha go bhfuil gaoth air. An ghaoth aniar a dtuaidh is contabhairthighe agus is measa. An ghaoth aniar is mo a bheirtas báísteach leithi. Nuair a bhíonn na h-éanacha ag eiteall go h-árd
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhuadhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Eamonn Ó Siadhail
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal