School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 94

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 94

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 94
  3. XML “Iascaire na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mhargadh a rinn sé leis an fhear eile go dtí go rabh an gasúr fá lá dhon dá bhliain déag. Dubhairt an bhean go gcuirfeadh sé an gasúr i bhfolach. Ach níor smaoitigh sí ar sin go rabh sí lá mall. Thug an t-athair leis amach é agus ní rabh siad i bhfad ar an fhairrge go dtáinic an fear chuige. Líon sé an bád do'n iascaire agus thug sé leis an gasúr.
    Nuair a phill an t-iascaire ar an bhaile chuir an bhean ceist air cá rabh an gasúr. D'innis an t-áthair díthe go dtig sé do fhear eile é ar kán báid éisc. Nuair a chualaidh an bhean seo thug sí iarraidh bhuailte air agus dubhairt sí nach bhfuigheadh sé biadh na deoch sa teach go dtí go dtabharfadh sé an gasúr chuici.
    D'imthigh an t-athair ar lorg an ghasúta le na churrach. Casadh an fear air agus d'fhiafruigh sé caidé mar bhí sé sásta do na mhargadh. Dubhairt an t-iascaire gur b'fhearr leis a mhac a fhagháil araist. "Bhal", ars' an fear,"tá sé féin agus an chloigeann déag eile gasúr agam-sa ag foghluim draoidheachta agus má piocann tú amach asta é ghiobhaidh tú é."
    D'imthigh an bheirt leo go dtí an áit a rabh na gasraí. Bhí lúthghair mhór ar an iascaire nuair a thainic a athair go dtí an áit a rabh sé. "Anois", ars' an gasúr le na athair, dhéanfaidh an maighistir dhá colaman déag dúinn a caithfidh sé gráinín coirce chugainn. Buailfidh mise buille
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Proinnsias Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal