School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a shroich siad an baile scairt an bhainríoghain amach ar a ingin. D'fhiafruigh sí an rabh an leas ingean ag tabhirt an bhídh chuig na bochta. Dubhairt sise nach rabh. An lá thar na bhárach chuaidh an bhainríoghain 'un tobair agus casadh Cailleach na gCearc uirthi. D'fhiafruigh sí de'n bhainríoghain an bhfuair sí amach go fóill an rabh an leas-ingean ag déanamh mar h-órdú duithe. Dubhairt an bhainríoghain go bhfuair sí amach nach rabh. "Bhal" arsa Cailleach na gCearc, "béidh mise leat anois agus bhéarfaidh muid linnn do ingin go dtí an áit a rabh an leas-ingean ag tabhairt an bhídh". D'imthigh siad leo go rabh siad san áit a rabh na gasraí agus thug siad leo na gasraí na bhaile.
Nuair a bhí siad sa bhaile thug siad leo na gasraí agus an ingean go dtí'n fhairrge. Chaith siad na gasraí agus an ghiorsach isteach san fhairrge, bhuail siad le slaitín draoidheachta iad agus rinneadh trí cnapan cloiche de na gasraí agus rinneadh crann mór de'n chailín ag fás aníos as an fhairrge. Annsin bhod siad leo na bhaile. Gearr-thamaill na dhiaidh sin thainic daoine le bád mór go dtí'n áit a rabh na clocha agus an crann. Chuaidh siad go dtí an áit a rabh an bhainríogain agus d'fhán duine amháin sa bhád leis an bhád a choimhead. Nuair a bhí fear an bháid tamallt sa bhád d'éirigh amach as an fhairrge an cailín óg ba...(continues on next page)- Informant
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal