School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 84
- XML “Ball Dearg Ó Dhomhnaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rabh fear annseo a bhí ag gabhail a mharcuidheacht a bheathaigh-san. Chuaidh Ball Dearg ar bheathach an ríogh agus thoisigh an rása ath-uair. Sé h-uaire a bhí na beathaigh le ghabhail thart an pháirc. Ar an tríomhadh h-uair chuaidh Ball Dearg ar tús agus ar an seiseadh h-uair bhí sé leath-mhíle codach eile agus an rása bainte ag beathach an ríogh. Dubhairt bean an ríogh nach gcaithfeadh sé an dara lá i bpríosún go bráth. THug an rí agus an bhainríoghain leo na chaisléan é agus bhí siad comh maith dó agus bhí siad dá mac féin.
Lá amháin d;innis mac an ríogh do Bhall Dearg go rabh sé le inghin Rí na Fraince a phósadh ach go rabh obair mhór le déanamh aige sul a bhfuighfeadh sé í. Bhí sé féin agus mac Ríogh na Sasana le troid agus cé bith duine acu a b'fhearr i gcionn cleaidheamh go bhfuigheadh sé í le pósadh. Dubhairt Ball Dearg go luighfeadh seisean aige an oidhche sin agus go mbéadh fhios aige ar maidin an mbéadh sé áblata mac Ríogh na Sasana a throid.
Luigh Ball Dearg aige an oidhche sin agus ar maidin lá ar na bhárach dubhairt Ball Dearg lei nach mbéadh sé ábalta a throid na go raibh sé ag clisearnaigh as a chodladh rith na h-oidhche. Dubhairt Ball Dearg leis go dtroidfeadh seisean ann a áit agus nach mbéadh fhios nach mac...(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal